>@Global Citizen
© Global Citizen
  • Clár €4 bhilliún á ullmhú ag an BEI le tacú le Ballstáit den AE atá ag óstáil teifigh chogaidh ón Úcráin agus le bonneagar sóisialta ríthábhachtach a fhorbairt, mar chuid de Phacáiste Dlúthpháirtíochta an BEI don Úcráin.
  • Clár nua de chuid an BEI faoina gcuirfear maoiniú fadtéarmach agus cúnamh teicniúil ar fáil do phobail áitiúla atá ag cur fáilte roimh theifigh chogaidh ón Úcráin.
  • Tá banc an AE tar éis €668 milliún a eisíoc cheana le Rialtas na hÚcráine faoi chomhair a gcuid riachtanas práinneach leachtachta.
  • Gheall an BEI tacaíocht do na teifigh ag “Seas an Fód ar son na hÚcráine”, imeacht domhanda tiomsaithe airgid a bhí ar siúl i Vársá le tacú le híospartaigh ionsaí na Rúise.

D’fhógair an Banc Eorpach Infheistíochta (an BEI), Banc an Aontais Eorpaigh, clár €4 bhilliún le haghaidh na mblianta 2022 agus 2023 le cabhrú le cathracha agus le réigiúin i mBallstáit an AE aghaidh a thabhairt ar riachtanais phráinneacha infheistíochta, chomh maith leis na dúshláin a shárú a bhaineann le fáilte a chur roimh theifigh chogaidh ón Úcráin agus iad a chomhtháthú.

An clár nua seo de chuid an BEI, atá fós le ceadú ag Bord Stiúrthóirí an BEI, tá sé mar aidhm aige forbairt príomh-bhonneagair shóisialta a mhaoiniú le seirbhísí poiblí a chur ar fáil do theifigh, lena n-áirítear tithíocht, scoileanna, ospidéil agus naíscoileanna. Cuirfear tacaíocht chomhairleach theicniúil ar fáil saor in aisce i dteannta na tacaíochta airgeadais d’fhonn cabhrú le húdaráis áitiúla i mBallstáit an AE na riachtanais áitiúla a mheas go han-ghasta, agus na hinfheistíochtaí bainteacha a phleanáil, a chur in ord tosaíochta agus a ullmhú.

Cheadaigh Bord an BEI Pacáiste Dlúthpháirtíochta ón BEI don Úcráin cheana féin an 4 Márta 2022. Mar chuid den phacáiste sin, d’eisíoc Banc an AE luach €668 milliún de thacaíocht phráinneach leachtachta le Rialtas na hÚcráine idir an 8 agus an 25 Márta  Lena chois sin, tá an BEI ag obair i dtreo maoiniú breise a chur ar fáil le cur ar chumas Rialtas na hÚcráine leanúint le seirbhísí poiblí ríthábhachtacha a chur ar fáil do na saoránaigh sin a d’fhan san Úcráin. Mar a pléadh idir Werner Hoyer, Uachtarán an BEI, agus Denys Shmyhal, Príomhaire na hÚcráine, táthar ag súil go dtacóidh na cistí seo le tionscadail iompair, fuinnimh, forbartha uirbigh agus dhigiteacha; is cuid den Phacáiste Dlúthpháirtíochta don Úcráin iad, a ullmhaíodh i gcomhar leis an gCoimisiún Eorpach.

Leanfaidh an BEI d’iniúchadh a dhéanamh ar na bealaí a bhféadfaí tacú leis an Úcráin agus le teifigh ón Úcráin i gcomhpháirt leis an gCoimisiún Eorpach, go háirithe trí Dheis Infheistíochta Sóisialta agus Scileanna an chláir InvestEU, ar cuireadh tús leis le déanaí.

Bhí an méid seo le rá ag Werner Hoyer, Uachtarán an BEI: “Tá ár gcroí briste ag an ár agus ag an argain atá déanta ar an Úcráin agus ar mhuintir na tíre, na milliúin acu atá anois ag teitheadh as an tír sa tóir ar shíocháin agus ar shlándáil. Táimid níos diongbháilte ná riamh beart a dhéanamh de bharr an uafáis atá á fheiceáil againn. Lenár bPacáiste Dlúthpháirtíochta tosaigh don Úcráin, agus leis an gclár nua €4 bhilliún seo do Bhallstáit an AE, tacóimid leis an Úcráin agus cabhróimid le pobail atá ag cur fáilte roimh na teifigh d’fhonn a chinntiú gur féidir leo saoráidí sóisialta ríthábhachtacha a thairiscint dóibh – tithíocht, scoileanna, ospidéil. Táim fíorbhuíoch den Uachtarán Ursula von der Leyen agus den Phríomhaire Justin Trudeau as a gceannaireacht agus as an bpobal idirnáisiúnta a thabhairt le chéile ar son na hÚcráine. Caithfidh an saol mór a bheith chomh maith le muintir na hÚcráine ó thaobh misnigh agus teacht aniar de, agus cuidiú leosan agus leo siúd atá ag tacú leo.”

Gheall an BEI a thacaíocht ag ‘Seas an Fód ar son na hÚcráine’, imeacht domhanda tiomsaithe airgid ar son teifeach agus daoine easáitithe taobh istigh den Úcráin, a sheol an Coimisiún Eorpach, Rialtas Cheanada agus an eagraíocht idirnáisiúnta um shochaí sibhialta ‘Global Citizen’ Dé Sathairn i Vársá. Tá níos mó ná 6.5 milliún duine easáitithe taobh istigh den tír agus 3.8 milliún duine ina dteifigh anois mar thoradh ar ionsaí na Rúise ar an Úcráin.

Ag an imeacht, gheall an AE, rialtais, eagraíochtaí idirnáisiúnta agus deontóirí príobháideacha go gcuirfí luach 10.1 billiún san iomlán de mhaoiniú breise agus de chineálacha eile tacaíochta ar fáil le freastal ar riachtanais na nÚcránach atá ag teitheadh ón gcogadh sa tír.