Ceann de riachtanais straitéiseacha an Aontais Eorpaigh anois é an dícharbónú tar éis ionradh na Rúise ar an Úcráin, arsa Josep Borrell, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus Werner Hoyer, Uachtarán an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta.

Le Josep Borrell agus Werner Hoyer

AN BHRUISÉIL – Chuir ionradh na Rúise ar an Úcráin iallach ar an Aontas Eorpach dlús a chur le luas ár mbeartais fuinnimh agus aeráide. Ós rud é gur tháinig méadú de réir a chéile ar an úsáid a bhaineann an Chreimil as fuinneamh mar uirlis chun tionchar polaitiúil a imirt, ní mór dúinn an tionchar atá aige a bhaint trí laghdú ó bhonn a dhéanamh ar ár spleáchas ar allmhairí breosla iontaise ón Rúis.

Tá forluí idir an réasúnaíocht gheopholaitiúil leis sin a dhéanamh agus an riachtanas dul i ngleic leis an athrú aeráide. Cuireann an tuarascáil is déanaí ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide maidir le maolú béim ar an bpráinn atá leis an gcúram sin. Ní mór buaicphointe na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa iomlána ar fud an domhain a bhaint amach faoi 2025 má táimid chun ardú tubaisteach ar an teocht dhomhanda a sheachaint. Thairis sin, ní mór an t-aistriú ar fud an gheilleagair chuig fuinneamh glan a bhainistiú go cúramach chun na hiarmhairtí dosheachanta sóisialta agus eacnamaíocha a chur san áireamh; ní mór é a bheith ina ‘aistriú cóir’.

Tá ról ríthábhachtach ag an Aontas Eorpach agus ag an mBanc Eorpach Infheistíochta san aistriú sin. Is uirlisí tábhachtacha iad infheistíochtaí i bhfoinsí inathnuaite fuinnimh, san éifeachtúlacht fuinnimh, agus i dteicneolaíochtaí nuálacha, amhail hidrigin ghlas, chun dul i ngleic le fogha na Rúise agus chun cuidiú leis an bpláinéad a shábháil ar spleáchas ar bhreoslaí iontaise. Gach euro a chaithimid ar an aistriú fuinnimh sa bhaile, sin euro a choinneoimid amach as seilbh cumhachta forlámhaí a fhearann cogadh ionsaitheach. Gach euro a chaithimid ar fhuinneamh glan, cuirtear feabhas ar ár saoirse chun ár gcuid cinntí féin a dhéanamh. Gach euro a chaithimid chun cuidiú lenár gcomhpháirtithe idirnáisiúnta dlús a chur lena gcuid straitéisí dícharbónaithe féin, is infheistíocht é sin sa teacht aniar agus sa chomhrac i gcoinne an athraithe aeráide.

Ó rinne an Rúis ionradh an 24 Feabhra, tá dlús á chur ag an Aontas Eorpach lena chuid pleananna i ndáil leis an aistriú fuinnimh, chun cuidiú le deireadh a chur le spleáchas na hEorpa ar allmhairí breosla iontaise ón Rúis a luaithe is féidir. Cé nach dtarlóidh sé sin thar oíche, is mó anois ná riamh na dreasachtaí chun é sin a dhéanamh. Is féidir linn neamhspleáchas fuinnimh a bhaint amach tríd an éifeachtúlacht a fheabhsú, soláthairtí a éagsúlú, agus cur le foinsí in-athnuaite fuinnimh. Leis an bpróiseas sin, ní mór slógadh a dhéanamh ar gach leibhéal – ó chomhlachtaí fornáisiúnta go teaghlaigh agus daoine aonair.

Tá dhá caveat thábhachtacha le meas. Ar an gcéad dul síos, ní mór dúinn spleáchas fadtéarmach nua a éilíonn infheistíochtaí troma i mbonneagar breoslaí iontaise a sheachaint agus soláthraithe malartacha gáis nádúrtha á gcuardach againn, d’ainneoin a ríthábhachtaí atá sé sin sa ghearrthéarma. Bheadh sé sin costasach, tubaisteach don phláinéid, agus neamhriachtanach ar deireadh, mar gheall ar na roghanna níos glaise atá ar fáil.

Ar an dara dul síos, ní mór dúinn gan scrogall amháin a ionadú le ceann eile trínár róspleáchas ar bhreoslaí iontaise a bhabhtáil le róspleáchas ar amhábhair a bhfuil gá leo le haghaidh an aistrithe ghlais. Tá na hacmhainní sin comhchruinnithe go dlúth i roinnt bheag tíortha, nach tíortha iad ar fad a bhfuil na luachanna céanna ná na leasanna céanna acu is atá ag an Aontas. Neartú ar neamhspleáchas straitéiseach agus athléimneacht an Aontais, ní mór dó leanúint de bheith mar phríomhchuspóir san aistriú.

Ní féidir leis an Eoraip é sin a dhéanamh aisti féin. An bua a fháil sa chomhrac in aghaidh an athraithe aeráide agus seasamh an fhóid in aghaidh fhogha na Rúise, is dúshláin dhomhanda iad a éilíonn freagairt dhomhanda. Le cogadh Vladimir Putin Uachtarán na Rúise, neartaíodh an réasúnaíocht straitéiseach atá ag gach tír lena hallmhairí breosla iontaise a laghdú agus a thuilleadh a infheistiú i réitigh fuinnimh atá neamhdhíobhálach don aeráid.

Is é sin an chúis go bhfuil an tAontas ag glacadh páirte go gníomhach sa taidhleoireacht aeráide. Is mian linn daoine eile a spreagadh chun a n-uaillmhianta aeráide a ardú, agus tá acmhainní nach beag geallta againn chun oibriú le tíortha comhpháirtíochta ionas gur féidir leosan freisin bogadh i dtreo geilleagar athléimneach le hastaíochtaí glan-nialasacha. Tríd an gComhaontú Glas don Eoraip agus trí thionscnamh nua an Aontais dar teideal Global Gateway [Tairseach Dhomhanda], tá infheistíocht suas le EUR 300 billiún ($325 bhilliún) á cur ar fáil ag institiúidí agus Ballstáit an Aontais i mbonneagar glas digiteach chun aghaidh a thabhairt ar na géarchéimeanna aeráide, comhshaoil agus fuinnimh.

Thairis sin, tá gealltanas tugtha ag BEI tacú le hinfheistíocht EUR 1 trilliún i ngníomhaíocht ar son na haeráide agus in inbhuanaitheacht an chomhshaoil faoi 2030. Trína ghné nua forbartha BEI Domhanda, tá an banc ag oibriú le comhpháirtithe ar fud an domhain chun maoiniú a chur ar fáil le haghaidh tionscadail a bhaineann leis an éifeachtúlacht fuinnimh, le foinsí inathnuaite fuinnimh agus leis an eangach leictreachais.

Agus BEI ag oibriú mar chuid d’iarracht chomhpháirteach an Aontais faoi ‘Fhoireann na hEorpa’, cuimsítear ina chuid tacaíochta le haghaidh todhchaí le fuinneamh glan raon ón infheistíocht i ngrianfhuinneamh sa tSeineagáil go maoiniú le haghaidh naíonraí atá níos fuinneamhéifeachtúla san Airméin. Chomh maith leis sin, chuidigh an banc le ‘comhpháirtíocht um aistriú fuinnimh cóir’ a chruthú leis an Afraic Theas; sholáthair sé tacaíocht don Chomhaontas Gréine Idirnáisiúnta atá bunaithe san India, comhaontas a thacaíonn leis an ngrianfhuinneamh a fhorbairt i 105 thír thrópaiceacha; agus thoiligh sé páirt a ghlacadh i scéim chomhtháite bainistíochta uisce agus coiscthe tuilte san Airgintín. 

Tá an tAontas Eorpach réidh le tacú leis an bpobal domhanda deireadh a chur lena spleáchas ar bhreoslaí iontaise. Ní cúis é cogadh na Rúise in aghaidh na hÚcráine le moill a chur ar infheistíochtaí sa ghníomhaíocht ar son na haeráide. Os a choinne sin, beidh níos mó neamhspleáchais straitéisigh againn mar gheall ar infheistíocht ghlas bhreise. Tá an dícharbónú ina riachtanas geopholaitiúil anois. Iarraimid ar ár gcomhpháirtithe domhanda i rialtais agus in institiúidí idirnáisiúnta airgeadais páirt a ghlacadh linn chun dlús a chur le maoiniú le haghaidh fuinneamh glan. Trí neodracht aeráide a bhaint amach, is féidir linn slándáil fuinnimh a bhaint amach freisin.