>@fotofabrika/Adobe Stock
©fotofabrika/ Adobe Stock
  • Cáineann an Bord d’aon toil agus go neamhbhalbh ionradh brúidiúil, mídhleathach na Rúise ar an Úcráin
  • Tá an tacaíocht airgeadais ina cuid de Fhreagairt Phráinneach Dlúthpháirtíochta an BEI don Úcráin
  • Cabhróidh tacaíocht bhreise airgeadais agus theicniúil leis an Úcráin, le tíortha in aice láimhe agus le tíortha an AE déileáil le díobháil de dheasca an chogaidh agus leis na sluaite teifeach.

Ag cruinniú urghnách a tionóladh an 4 Márta le tacaíocht phráinneach don Úcráin ón BEI a phlé, cháin Bord Stiúrthóirí an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (an BEI) d’aon toil agus uafás orthu ionsaí brúidiúil, mídhleathach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, ionsaí nach raibh údar ar bith leis.

Cheadaigh an Bord tacaíocht láithreach airgeadais EUR 668 milliún don Úcráin. Is é seo an pacáiste tacaíochta tosaigh don tír atá fágtha faoi scamall an chogaidh, agus baineann sé leas as ráthaíocht ón AE faoin Sainordú Iasachtaithe Sheachtraigh le cur le tionscnaimh eile atá fógartha ag institiúidí den AE. Cabhróidh sé le húdaráis na hÚcráine freastal ar na riachtanais airgeadais is práinní dá bhfuil acu, amhail bia, soláthairtí leighis agus breosla a cheannach dá saoránaigh. Beidh an tacaíocht láithreach seo ar fáil faoi cheann cúpla lá. Íocfaidh an BEI na cistí atá ar fáil amach faoi dhá iasacht ón BEI a deonaíodh ar an gcéad dul síos le tacú le FBManna agus le hearnáil na talmhaíochta san Úcráin.

Ina theannta sin, d’aontaigh an Bord gur cheart don BEI tabhairt faoina thuilleadh tionscnamh faoin bPacáiste Dlúthpháirtíochta éigeandála don Úcráin. Ina measc siúd tá:

1.      Riachtanais ríthábhachtacha bhonneagair a mhaoiniú san Úcráin trí ghealltanais a bhain le tionscadail bhonneagair a chur in oiriúint le freastal ar na riachtanais láithreacha infheistíochta agus atógála atá ann. Áireofar leo sin iompar, fuinneamh, forbairt uirbeach agus infheistíocht dhigiteach. Is féidir an t-airgead seo a chur ar fáil go han-tapa, a luaithe a bheidh údaráis na hÚcráine in ann leasuithe ar chonarthaí atá ann cheana a shíniú;

2.      Ár gcion féin a dhéanamh le haon rud a scriosann arm na Rúise a atógáil tríd an mbonneagar geilleagrach agus sóisialta nua a bheidh ag teastáil go géar a mhaoiniú a luaithe a athbhunófar an Úcráin mar thír shaor, neamhspleách tar éis an chogaidh. Chuige sin, bainfidh an BEI úsáid as an taithí a fuair sé ó Chlár Luath-Athshlánaithe na hÚcráine tar éis ionsaí na Rúise in 2014, clár a thacaigh le hatógáil 238 tionscadal bonneagair cathrach agus shóisialta, amhail scoileanna, naíolanna, ospidéil agus tithíocht shóisialta.

Tá saineolaithe de chuid an BEI ag déanamh measúnú chomh maith ar na riachtanais atá ag tíortha in aice leis an Úcráin agus ag tíortha laistigh den AE atá ag cur fáilte roimh theifigh ón Úcráin nó atá thíos leis an gcogadh ar bhealaí eile. Tá banc an AE ag obair as lámha a chéile le húdaráis náisiúnta agus áitiúla, le Bainc Náisiúnta le haghaidh Spreagadh agus le contrapháirtithe eile d’fhonn cúnamh airgeadais agus teicniúil a chur ar fáil go práinneach do na tíortha agus do na réigiúin sin. D’fhéadfadh an maoiniú sin a chur ar fáil trí thús áite a thabhairt go gasta d’iasachtaí atá ann cheana féin ach nach bhfuil íoctha amach le réigiúin ná le bardais go fóill, nó trí oibríochtaí nua a bhaineann le teifigh a cheadú a bhféadfadh an BEI suas le 100% díobh a mhaoiniú seachas an gnáth-uasmhéid, 50%.

Bhí an méid seo le rá ag Werner Hoyer, Uachtarán an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta: “In ainneoin ionsaí míleata uafásach na Rúise, is údar mór misnigh agam a dhiongbháilte agus a chróga atá muintir na hÚcráine. Táimid meáite ar gach ar féidir linn a dhéanamh le tacú leis an Úcráin agus dlúthpháirtíocht na hEorpa leis an tír a léiriú go ríshoiléir, leis. Le tacaíocht ríthábhachtach ón gCoimisiún Eorpach, tá pacáiste suntasach airgeadais curtha le chéile againn mar chuid de fhreagairt láithreach fhoriomlán an AE. Inniu, d’aontaigh ár mbord go gcuirfí luach EUR 668m de leachtacht a bhfuil géarghá léi ar fáil le tacú le húdaráis na hÚcráine. Seo an chéad chuid dár bPacáiste Dlúthpháirtíochta éigeandála don Úcráin. Chomh maith leis sin, tá an Banc ag breathnú ar bhealaí ar féidir infheistíocht bhreise EUR 1.3 billiún a chur ar fáil gan a thuilleadh moille. A luaithe a thiocfaidh feabhas ar an scéal, cabhróimid leis an Úcráin ar scriosadh san ionradh a atógáil. Gníomhóimid freisin le cabhrú leis na tíortha go léir atá buailte, bídís laistigh den AE nó in aice leis, déileáil leis na sluaite teifeach ón Úcráin agus leis an damáiste geilleagrach atá déanta de dheasca an chogaidh mhillteanaigh seo.”

Dúirt Valdis Dombrovskis, Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin an Choimisiúin Eorpaigh: “Tá an pacáiste suntasach seo ón BEI, a bhfuil fáilte roimhe, ar an léiriú is déanaí go bhfuil an AE ag seasamh gualainn ar ghualainn leis an Úcráin, tráth a bhfuil riachtanais ollmhóra ag an tír. Tabharfaidh sé leachtacht do rialtas na hÚcráine láithreach bonn agus iad ag troid i gcoinne an ionsaí mhídhleathaigh, chruálaigh seo ón Rúis. Déanfaidh an Coimisiún Eorpach a mhíle dícheall lena oiread tacaíochta agus is féidir a thabhairt don Úcráin, ag obair dó leis na Ballstáit agus le hinstitiúidí agus comhlachtaí eile an AE.”