Accédez à la dernière édition de cette publication.
Description
Tá sé mar aidhm ag an mBanc Eorpach Infheistíochta fás agus poist a chur chun cinn ar fud an AE i réimsí amhail nuálaíocht agus scileanna, gnóthais bheaga agus mheánmhéide, gníomhú ar son na haeráide agus bonneagar straitéiseach.Tá an BEI ag tacú le téarnamh geilleagrach na hEorpa tríd an gCiste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha a chur chun feidhme mar chuid den Phlean Infheistíochta don Eoraip.
Taobh amuigh den AE, tá gníomhaíochtaí an BEI ag teacht le beartas seachtrach an AE. Is sna tíortha réamhaontachais agus sna tíortha ar an taobh thoir agus theas dínn is mó a bhíonn an BEI gníomhach.
Tá an BEI ag feidhmiú chomh maith i dtíortha san Afraic, i réigiún Mhuir Chairib agus an Aigéin Chiúin, san Áise agus i Meiriceá Laidineach, agus é ag cur maoiniú ar fáil d’fhorbairt na hearnála príobháidí áitiúla, don bhonneagar sóisialta agus geilleagrach, agus do thionscadail um ghníomhú ar son na haeráide.