Recherche Fr menu fr ClientConnect
Recherche
Résultats
5 premiers résultats de la recherche Voir tous les résultats Recherche avancée
Recherches les plus fréquentes
Pages les plus visitées

    Is ag an mBord Stiúrthóirí amháin atá an chumhacht le cinntí a ghlacadh maidir le hiasachtaí agus ráthaíochtaí. Chomh maith lena chinntiú go ritear an Banc i gceart, áirithíonn sé go ndéantar an Banc a bhainistiú ar bhealach atá i gcomhréir le forálacha an Chonartha agus an Reachta, agus leis na dtreoracha ginearálta a leagann síos na Gobharnóirí. Bíonn 28 stiúrthóir agus 31 stiúrthóir malartach ar an mBord Stiúrthóirí. Is iad na Gobharnóirí a cheapann iad go ceann tréimhse in-athnuaite cúig bliana. Ainmníonn gach Ballstát stiúrthóir amháin agus ainmníonn an Coimisiún Eorpach stiúrthóir eile. Ainmníonn na Ballstáit na stiúrthóirí malartacha de réir a sciar caipitil agus chomhaontú a dtogh-ghrúpa. Ainmníonn an Coimisiún comhalta malartach amháin chomh maith.

    Ina theannta sin, d’fhonn cur le saineolas gairmiúil an Bhoird Stiúrthóirí i réimsí áirithe, is féidir leis an mBord seisear saineolaithe ar a mhéad a chomhthoghadh (triúr Stiúrthóirí agus triúr Stiúrthóirí Malartacha), a ghlacann páirt i gcruinnithe an Bhoird i gcáil chomhairleach, gan ceart vótála a bheith acu.

    Glactar cinntí le tromlach de thrian ar a laghad de na comhaltaí atá i dteideal vótáil agus a dhéanann ionadaíocht ar 50% ar a laghad den chaipiteal suibscríofa nó, i réimsí a bheidh sainmhínithe go soiléir, le hocht vóta dhéag ar a laghad ina bhfabhar, a dhéanann ionadaíocht ar 68% ar a laghad den chaipiteal suibscríofa.

    Beidh Uachtarán an Choiste Bainistíochta nó, má bhíonn sé as láthair, duine de na Leas-Uachtaráin, i gceannas ar chruinnithe an Bhoird Stiúrthóirí ach ní vótálfaidh sé.

    Eolas tábhachtach:

     

      Stiúrthóir Stiúrthóir Malartach
    An Ghearmáin Elke KALLENBACH

    Susanne BLOMENHOFER
    Hendrik KAELBLE

    An Fhrainc Muriel LACOUE-LABARTHE Matthieu PHILIPPOT
    Quentin NAVARO AUBURTIN
    An Iodáil Francesca UTILI Francesca MERCUSA
    Bianca GIANNINI
    An Spáinn Enrique RUIZ DE VILLA SAIZ Isabel GARAYO ORBE
    An Phortaingéil Filipe CARTAXO Rosa CAETANO
    An Bheilg Hans D’HONDT Ludivine HALBRECQ
    Lucsamburg Arsène JACOBY Miguel MARQUES
    An Ísiltír Robin UYTERLINDE Jan de BOER
    An Chróit Davor ZORIČIĆ Ines ŠPIRIĆ
    An Ungáir Levente SIPOS-TOMPA Ildikó ZÁTROK
    An Pholainn Tomasz SKURZEWSKI Maciej TABACZAR
    An Danmhairg Julie SONNE Morten PRÆSTEGAARD KLINGE
    Éire Desmond CARVILLE Michael TAGGART
    An Ghréig Michael ARGHYROU Charilaos LAMBROPOULOS
    An Rómáin Mihai-Calin PRECUP Boni Florinela CUCU
    An Eastóin Martin PÕDER Riina LAIGO
    An Laitvia Armands EBERHARDS Aija ZITCERE
    An Liotuáin Darius TRAKELIS Jurgita UZIELIENE
    An Ostair Karin RYSAVY Christian REININGER
    An Fhionlainn Kristina SARJO Anne af URSIN
    An tSualainn Anna BJÖRNERMARK Erika CARLSSON
    An Bhulgáir Metodi METODIEV Gergana BEREMSKA
    Poblacht na Seice Petr PAVELEK Radek HŘEBÍK
    An Chipir Post folamh Eleni PITTA
    Málta Martin SPITERI Joseph LICARI
    An tSlóivéin Aleš ŠKOBERNE Martin ZDOVC
    An tSlóvaic Martin POLÓNYI Peter FRÖHLICH
    An Coimisiún Eorpach Elena FLORES GUAL Saila VALTONEN
    Saineolaithe Post folamh
    Post folamh
    Post folamh
    Post folamh
    Post folamh
    Post folamh

    *Léiriú iad dathanna na rónna ar thogh-ghrúpaí éagsúla na dtíortha ar Bhord Stiúrthóirí an BEI.

    Scrúdaíonn na saincheisteanna beartais a eascraíonn as rannpháirtíochtaí cothromais, idir dhíreach agus indíreach, atá i seilbh an BEI nó atá faighte aige.

    Pléann agus tugann comhairle don Bhord Stiúrthóirí ar bheartais riosca an Bhainc, lena n-áirítear na beartais siúd a bhaineann le gnéithe de Ghrúpa an BEI.

    Pléann agus déanann moltaí maidir le cúrsaí buiséid agus luacha saothair foirne mar ullmhúchán do na díospóireachtaí agus na cinntí ina dhiaidh sin.

    Tugann an Grúpa Comhairleach tuairimí neamhcheangailteacha do Bhord Stiúrthóirí an BEI ar thograí maoinithe a bhaineann le gníomhaíochtaí lasmuigh den Aontas Eorpach.